School: Cathair Loisgreáin (C)
- Location:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Teacher: Máire Nic Aodha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cleas céadhna i dteach ósta sé sin Séamus De Búrca. Chuaidh sé go Sasana agus chaith sé an Fóghmhar ann. Bhí sé teacht abhaile annsin agus casadh leis fear as Cathar-Na-Bruc taobh thiar de Sruthar. Núair a tháinig sé go Túaim chuaidh sé isteach go teach Séamus De Búrca agus glaodh fear Catharnahaoine dhá cáirt pórtar, agus d'ol síad é. Núair a bhí sé ólta d'iarr Seamus De Búrca ar a luach. "Féach ar mo hata." Tá go maith ars an t-óstór.
D'imthigh leobhtha go dtáinig síad chuig teach Canabháin. Glaodhfaidh mise ar deoch arsa fear Cathar-Na-Bruc. Ní ghlaodhfaidh ars an fear eile acht mise glaodhfas. Ghlaodh sé ar dhá cáirt pórtar, agus d'ól síad é. Núair a bhí sé ólta d'iarr Canabháin ar a luach. "Feach ar mo hata." Tá go maith ars Canabháin.
D'fhág síad sin agus go díreach ag Caisleán An Aicéad d'iarr fear Cathar-Na-Bruc ar an bhfear eile cé mhéad airgead a bhéarfaidh sé ar an hata. Dubhairt sé go ndíolfadh sé é ar sgór punt. Tairig sé deich punt dó. Teacht ag Céimh (Cave) thairig sé chúig punt déag dó. D'fhan an sgéal mar sin go dtáinig síad chuig Quealys. Glaodh sé ar dhá cáirt phórtar agus d'ól síad é. Núair a bhí sé ólta d'iarr Mrs. Quealy a lúach. "Feach ar mo hata." "Thats all right now you know" arsa Mrs. Quealy.(continues on next page)- Collector
- Brígid Ní Mhanacháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seághan Ó Manacháin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Donaghpatrick, Co. Galway