School: Tóin an tSeanbhaile
- Location:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ~ Sean sgéal a chuala mé sa mbaile ~
Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé in a chómhnaidhe i Dúbhghort, agus a gabha a beadh é, lá amháin bhí sé ins an chearda, agus cruichthe a bhí sé ag obair leis . Thanaig lá fuar agus bhí sé ins an chearda, thánaig fear isteach agus bhí sé an- fhuar . Dubhairt an gabha leis teacht anus go dtí an teine, bhí sé fuar ag an teine cúpla uaire, agus nuair a bhí sé ag imtheacht, sheas sé ar an urlár agus dubhair sé leis an gabha go dtabharfadh sé trí chómhairle dhó.
An chéad chómhairle a thug sé dhó gac duine bhéarfadh ar a casúr, ní bhéadh sé ábálta a lámh a thógáil de, mura a dubhairt sé leis é a thógáil d'en chásúr.
Lá amháin bhí sé ins an chearda, agus thanaigh and diabhal aige, agus dubhairt sé leis an ghabha a theacht leis go dtí Ifreann, "Tá go maith" arsan ghabha "ach fan go mbéidh na rudaí seó déanta agam." Fuair sé greim ar an chasúr, agus ní raibh sé abálta a lámh a thógáil d'en chasúr. Lá amháin eile bhí sé ins an chearda, thanaig fear isteach, agus dubhairt sé leis an ghabha go dtúbarfadh(continues on next page)- Collector
- Páid Ó Cabharcaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doogort, Co. Mayo
- Informant
- Tomás Mac Pháidín
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Doogort, Co. Mayo