School: Tóin an tSeanbhaile

Location:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
Teacher:
Pádhraic Mac Pháidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 362

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 362

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Page 362
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áit Ainmeacha
    Tá go leor ainmeacha ar na h-aiteacha thart annseó, tá áit ar chnoc Dhúbhguirt agus an t-ainm atá "Inis", tá abainn ag rith fríd agus is áit glas í, bíonn sí fliuch ins an gheimhreadh, acht ins an samhrad bíonn sí tirm, an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar tá sí bog. Tá ait eile ar chnoc Dhúbhguirt agus an t-ainm atá air "Glais" tá abhainn ag fríd agus tá sí idir dhá chnoc, an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar tá sí glas. Tá eolas agam ar áit eile agus an t-ainm atá air "Poll Mhaide", is áit bhog í agus deireann na sean daoine go raibh crainnte ag fás annsin fadó agus an fáth gur tugadh an t-ainm sin air, fado bhí siad ag tarraint anuas na gcrann as an áit sin agus bhí na puill fághthá agus sin é an fáth. Bhí mise go minic ag an áit sin, agus tá fear ag fás air, is droch áit é agus tá sé inaice le abhainn. Tá eolas agam ar áit "Log a Chrogáin Dairigh", an fáth go dtugtar an t-ainm sin air, is log mór é agus deireann na sean-daoine go raibh crainnte ag fás annsin fadó, agus tá árdáin thart air bhí mé go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Páid Ó Cabharcaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doogort, Co. Mayo