School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 268
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a bhí Brian Boirmhe ag gabhail 'na bhriste bhuail tart mór a chuid fear.”
Nuair a bhí Brian Boirmhe ag gabhail 'na bhriste bhuail tart mór a chuid fear. Shiubhail siad mílte agus mílte agus bhí teanga achan fhir chomh tirm le breac. San deireadh tháinig siad fhad le sruthan. Nuair a tháinig na fir ar amharc an sruthain rith siad chuig an uisge an méid bhí i na gcorp. Bunadhas na bhfear thóg siad an tuisge i na mbais. Bhí cuid aca agus bí an ghalfarsach chomh mór sin ortha gur luigh siad ar a mbéal agus ar a srón agus gur thoisigh siad ag ól as a mbéal mar ainmhidhthe an tsléibhe. Bhí Brian ag coimhead. Nuair a bhí a ndóthain ólta ag na fir chuir sé salamandar ar na fir a d'ól as a mbéa[l] a chul 'na bhaile arais nó go meathadh a n-uchtach ortha ins an chath.
An té ólas as a béal fluicheann sé faoi.