School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 150
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí peadlóir ann aon uair amháin agus rinne sé briongloid go rabh croc óir ar mhullach "Cnoc na Máthaire" ins an Bhaile Bheag. Bhí an peadlóir seo in a chomhnuidhe ar an t-Sráth Bán agus chuir sé litir na bhaile chuig an Bhaile Bheag ag innse fan ór agus an áit a rabh sé. Dubhairt sé fosta gur chóir do na daoine an talamh a romhair san oidhche agus an t-ór a fhágha[il.]
Chruinnigh cuid mhór fir oidhche amháin agus thoisigh siad ag romhair an talaimh. Romhair siad leobhtha go dtáinig siad fhad le leac mhór. Shíl siad go rabh an t-ór faoithe agus bhí iongantas mhór ortha, acht annsin cuireadh iad faoi gheasaibh agus ní rabh siad abalta romhair níos fuide.
Chuaidh siad na bhaile leis an smaointigh go mbéadh siad abalta an leac a thógailt agus an t-ór a fhághail ar maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin chuaidh siad go dtí an áit aríst acht nuair a d'amhar[c] siad bhí an poll línte isteach arais.
Shíl na daoine annsin go rabh an talamh faoi gheasaibh agus ní dheachaidh duine ar bith ag cuartughadh an óir ón lá sin go dtí an lá indiu.- Collector
- Máíre Ní Éagartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Breenagh, Co. Donegal
- Informant
- Padruig Mac Phaidin
- Gender
- Male
- Address
- Altinierin, Co. Donegal