Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Rudaí fé leith go mBéadh Meas orta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl morán toighthe Caitliceac i n-Éirinn nach bhfuil pioctiúr Naomh Pádruig agus pioctiúr Naom Brighidh crochta ionntú. Teisbeannann pioctiúr Naomh Pádruig é ag teagasc na bPagánach ná ag buachailleacht muc, agus teisbeannann pioctiúr Naomh Bríghidh í agus bó na luighe ar a cois, nó tá sé ráidhte go rabh sí an-chinealta d'ainmidthe. Tá sé ráidhthe fosta duine ar bith a congbhuigheas a pioctiúr nach mbéidh díoghbhail bainne air. Conghbhuighthear lá amháin sa bhliadhain in a h-onóir! oidhche Fhéile Bríghidhe. Gnídhtear cros Bríghidhe as fioghacha ar an oidhche seo agus an lá thar na mhárach cuirtear uisce coisreachta ortha agus cuirtear ceann ó's cinn ach'an dorais, gnídheann siad brú-bánd Bríghidhe as na fioghacha seo, dhá nó trí fioghacha a chasadh le chéile, agus tá sé ráidhthe ma chaitheann tú seo thart ar do cheann oidhche Fhéile Brídhighe na mbéidh ceann tinn agat go cinn bliadhna.
    Ag Nodlag cuirtear suas cuileann. Domnach na Slat, bheirtear palms agus slatacha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhorraidhin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Dorraidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Donegal