School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 184
- XML “An Gadaí agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Gaduidhe agus an Sagart.isteach sa chlós agus caidé chonnaic sé acht roinnt géanna istigh i gcró na gcearc. Chuaidh sé isteach agus chuir ceann aca i mála. Tháinig sé amach agus d’éaluigh sé ar shiubhal gan fhios don tsaoghal.
Bhí san go maith, is ní rabh go h-olc. I gceann cúpla lá bhuail aithmhéala é agus shaoil sé gur b’fhearra do dhul chun faoisdine. Chuaidh sé go dtí an séipéal agus nuair tháinig an chaoi chuige isteach leis sa bhosca. Cé bhí istigh roimis acht an sagart céadna ar ghoid sé an gé uaidh. Nuair bhí na ghnáth - phaidreacha ráidhte aige, “Bheul”, arsan t-sagairt, “caidé dheinis as an slighe” ghoideas gé arsan ghaduidhe, caithfidh tú a thabhairt thar n-ais don té ar ghoideas í uaidh, nó ní fheadfadh aspolóid a thabhairt duit. Bheirfidh mé duit-se í arsan gaduidhe. Ní dheanfaidh sin gnaithe in aon chor arsan t-sagairt.
“Bheul”, bhíos a thabhairt thar n-ais don té ar leis í acht ní ghlacfaidh sé uaim í. Is áit an sgéal é sin arsan sagart.
“Bheul”, arsan gaduidhe is leat-sa an gé “a athair”. “Bheul”, arsan sagart “má’s mar sin atá an sgéal coiméad í”. D’imthigh an gaduidhe tar éis aspolóid d’fhághail, agus níor airigheamar gur ghoid sé gé ná aon rud eile ó shoin i leith.- Informant
- Siubhán Ní Luaig
- Gender
- Female