School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 012
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear 7 bean ann fad o shoin 7 bhí mac aca air bh'ainm do Tarlach. Duine gan radh abhí i dTarlach.

    (continued from previous page)
    mhéad atá le fághail aige"? arsa Tarlach. Cúig phunta arsa'n fhear eile. Shín Tarlach nóta cúig phunta anonn chuige agus d'iarr air na fiacha a dhíol. Rinneadh amhlaidh agus cuireadh an chorp.
    D'imthigh Tarlach leis amach as an roilig agus shiubhal leis gur casadh buachail caol ruadh air. "Ca bhfuil tú a' dul"? arsa'n buachaill caol ruadh le Tarlach. D'innis Tarlach do gur cuireadh as baile é agus nar mhiste leis ca rachadh sé. "Bhal! An ndeanfaidh tú mise a fhástodh"? arsa'n buachaill caol ruadh. "Dheanfainn agus fáilte" arsa Tarlach "ach níl aon leath-phighinn agam le tú dhíol. "Na bac le sin" arsa'n buachaill. "Rachaidh mé leat".
    Shiubhal siad leo gur casadh fear eile ortha a raibh sop cochain ina ghaothsan aige. "Goide'n cineal duine thusa"? arsa an buachaill caol ruadh. "Cha dtainig a dhath romamsa ariamh" arsa an fear leo, "nach séidfainn le mo ghaothsan". "Dheanfaidh muid é fhástódh" arsa'n buachaill ruadh. "Tá muid féin go leór ann" arsa Tarlach. "Na bac le sin" arsa'n buachaill ruadh agus d'imthigh siad leo a' siubhal arís.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Language
    Irish
    Informant
    Aodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal