School: Dún Lúithche (roll number 16423)

Location:
Dunlewy, Co. Donegal
Teacher:
Séamas Mac Giollabhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Lúithche
  2. XML Page 229
  3. XML “Saighdiúirí Sí na Mucaise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sáighdiúirí Sidhe na Mucaise
    Bhí fear ar an dún (sa cheanntar seo) fad ó shoin dar b’ainm Maghnús Ó Gallchobhair. Chaith sé a shaoghal ar shiubhal ins na chnuic ag buachailleacht caoirigh agus eallaigh. Lá amháin bhí sé ag buachailleacht ar an Mhuichis agus tháinig an oidhche air. Bhí sé iongantach dorcha agus shuidh sé ar thúrtóg agus nuair a bhí sé ná shuidhe tamall chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus tharraing sé air.
    Chuaidh sé isteach agus goidé a bhí annsin ach cúirt mór agus teine bhreagh. Shuidh sé agus théigh sé é féin. Nuair a d’éirigh sé le dul amach, chonnaic sé léar mór saighdiúr agus a gcinn agus a gcosa le chéile agus na mharcaigh ar a gcuidh capall agus iad na gcodladh agus a gcuid cláidheamh crochta le na dtaobh. Nuair a bhí sé ag dul amach bhuail sé a chos ar dhuine acu agus d’éirigh siad uilig na seasamh marcaigh agus eile.
    Dubhairt siad “ bhfuil an lá ann, bhfuil an lá ann’
    Dubhairt seisean “ Níl, níl’ agus thuit siad uilig na gcodladh ach fear amháin.
    Dubhairt seisean “ Bhfuil an lá ann” Tá againn le lá a thabhairt do Éirinn. Tá cogadh le bheith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Dubhagain
    Gender
    Male
    Informant
    Maigreadh Bean Mhic Ghaoith
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Gleann Tornáin, Co. Donegal