Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go ndíolfadh an t-oifigeach go maith ar a shon.
Nuair a bhí an bhliain istigh ag Ball Dearg chuaidh an fear beag ruadh chuige agus d'iarr sé air imtheacht ná go rabh oifigeach na Sasana ar a thóir le na mharbhadh. D'imthigh Ball Dearg leis agus chuaidh sé ar bhord luinge a bhí ag imtheacht as Éirinn. Nuair a stad an bád thainic Ball Dearg amach sa Spáinn. Sé an dligheadh a bhí sa Spáinn an uair adaí, fear na bean as tír eile a thiocfadh isteach inntí príosúnach a dheanaimh de no dithe ar eagla nach rabh an creideamh fíor aige na aici. Gabhadh Ball Dearg agus chaith sé cupla mí i bpríosiún. Lá amháin leigeadh amach é go bhfeicfeadh sé rása beathach an ríogh.
Bhí sé féin agus scaifte eile fear na suidhe ar bhalla nuair a thoisigh an rása. Chuaidh na beathaigh thart trí h-uaire ar an pháirc agus ar an tríomhadh h-uair fágadh beathach an ríogh ar deireadh. Scairt Ball Dearg amach leis an mharcach a bhí ar bheathach an ríogh gur cheart piléar a chur ann ná nar dtug sé ceart ar bith do'n bheathach. D'amharc na daoine uilig suad ar Bhall Dearg agus shíl siad gur mac an ríogh a bhí ann mar bhí sé iongantach cosamhail leis. Chuir an rí ceist ar Bhall Dearg an ndéanfadh seisean ní b'fhearr é agus dubhairt sé go ndéanfadh.
Scairt an rí an rása a chur ar gcúl go...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal