School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 122
  3. XML “Bacach an tSléibhe Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhaile annsin agus níor ghoid sé a dhath an oidhche sin.
    An chead domhnach na dhiaidh sin chuaidh sé ‘un aifrinn. Nuair a chuaidh sé isteach bhí cuid mhór daoine istoigh agus bhí an sagart ag léigheadh an aifrinn. Bhain sé de a chóta agus chaith sé ar ghath gréine é agus d’fhan an cótai thuas. Thainic fear eile isteach agus rinn sé an cleas céadna ach thuit a chóta-san anuas. Nuair a chonnaic an sagart seo bhí iongantas mór air. Scairt sé agus d’iarr sé ar an fhear ar fhan a chóta mór ar an ghath gréine, é fanacht istigh indiaidh an aifrinn ná go rabh gnoithe aige leis.
    Nuair a d’imthigh na daoine indiaidh an aifrinn d’fhan an bacach istigh agus thainic an sagart chuige. Dubhairt sé leis bhacach gur fear iongantach naomhtha a bhí ann agus go gcaithfeadh sé fanacht anois agus cuideadh leisean an creideamh a theagasc. Dubhairt an bacach go rabh aige le aire a thabhairt do na athair agus do na mháthair ach gheall sé dó go rachadh sé chuige nuair a gheobhadh an tsean lánamhain bás.
    Bhog sé leis na bhaile annsin agus é go bréagh sásta. Ní dhearn sé níos mó gaduidheachta agus chuir Dia a sháith aige. Annsin bhí dóigh bhréagh ortha ó’n lá sin go lá a mbáis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séarlus Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Anagaire, Co. Donegal