Scoil: Leitir

Suíomh:
Templecrone, Co. Donegal
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Aontaí - Aonach Bhaile na Carraige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aontaighe :-
    Aonach - Bhaile - na - Carraige :-
    Bíonn aonach i mbaile-na-Carraige ar an ficheadh lá de gach mí. Ní baile mór atá ann acht cros bhealach agus tá dhá theach taibhirne agus siopa ann. Bhí cupla theach tsiopaí ann i bhfad o shoin.
    Tá ponc an eallaigh ar chul Teach Taibhirne agus tá “Yard” ar chul gach teach Taibhirne. Bíonn na caoirigh comhgarach do Teach Taibhirne amháin no sé is comhgaraigh do’n bhealach a dtig muinntir na sléibhte.
    Sul a rinneadh an droichead dearg thiocfhadh na daoine uilig. bealach Bhaile-na-Carraige, no bhí aithghiorra uaidh go dtí na Gleanntaí agus Clochan Liath. Nuair a bhíodh an fhairrge tráighte, bhíodh fearsaid ag dul treasna ar an abhainn ag Baile-na-Carraige. Bí morán badaí ag an chládach agus bhíodh an mhuinntir óga ag seoladh daoine anonn agus (ano) anall ar an fhairrge.
    Fad o shoin bhí fear ar an taobh eile de’n abhainn darbh ainm “Neilín Mór” agus bhí Teach Taibhirne aige.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann