Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear bocht ag dul thart am amháin agus bhí rud mór airgid aige. Chuaidh sé isteach i dteach oidhche amhain agus d.fhan sé ann go maidin. Nuair a d'éirigh na daoine a bhí san teach ar maidin bhí sé marbh. Tháinig lá an torramh agus cuireadh é agus d'fhág sé a cuid airgead i na dhiaidh. Bhí a thaidhbhse le feiceál go minic i ndiaidh a bhás.
Chuaidh fear an toirghe go dtí an t-sagart agus d'innis sé dó caide mar bhí. Dubhairt an sagart leis uchtach a faghail agus dul 'un cainnte leis.
D'fiafruigh an fear do cáide bhí da thabhairt annsin agus dubhairt sé gur maith leis a chuid airgid a fhágail aige-san. - Bhi fear in-a chomhnuidhe i Mín a Chairn darbh ainm Seaghan Ua Canáin. Oidhche amhain bhí sé ar siubhal a dh'airneál agus bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)