Scoil: Dubhchoradh

Suíomh:
Doochary, Co. Donegal
Múinteoir:
Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhchoradh
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “An Riabhach agus an Crón”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Riabhach agus an Crón
    Tá culaith mó phósta ‘na stróacha liom síos
    Níl aon phíghinn in mo phóca ná feóirling de’n chíos.
    Tá próiste i mo pcóca fá luach na beórach gan díol.
    Agus is truagh mé gan pósadh go dtigidh an Fóghmhar arís.
    2.
    Tá fóghmhar na bliadhna ag dul inaghaidh na mban óg
    Ní na fir atá dá n-iarraidh acht iad ag dul leo
    Cé gur cuín céillidhe a siubhlann siad an ród
    Ní posfar aon bhean i mbliadhna gan an Riabhach ‘gus an Crón.
    3.
    Cuirinn-se lá léin aran Riabhach agus an Crón.
    Ná ar an fhear óg in mo dhiaidh a d’iarrfadh spré le mnaoi óig.
    B’fheárr liom cailín céillidhe nach mbéadh mnaoi aici na stór.
    Ná an cifleóg ghan fiafruigh teacht ó’n tsléibh ‘sa cuid bó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Bean Mhic Amhlaoidh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Gráinne Bean Uí Ultuigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doochary, Co. Donegal