School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Fianna agus an fáthach coimhthigheach
Fad o shoin bhí campa ag na Fianna inaice le Cill Alaidh i gCúighe Connacht. Lá amháin tháinig fáthach mór go h-Éirinn le (bréag) troid a chuir ar na Fianna. Nuair a shroic an fátach costaí na h-Éireann thóg sé an long a bhí leis agus d’fág sé astoigh as ar talamh tirm é agus annsin tharraing sé ar campa na bhfian. Chonnaic Goll Mac Móirne agus bhean é ag teacht agus dar leo go mairbheadh sé Goll. Annsin smaoithigh bean Gholl ar dóig chun é do shábhail. Chuir sí asteach san chliabhan é agus thúsuigh sí da bhoghadh. Nuair a tháinig an fáthach asteach chuir an bhean fáilte roimhe. D’iafruigh an fáthach “ca rabh na Fianna” agus dubhairt sise “gur imthig siad a sheilg agus gur fhág siad droch dhóig orta-san”. D’fiafruigh an fáthach “ce’n fáth seo” agus dubhairt sise “go rabh an ghaoth sa doras” “Agus cáide thiochfad leis na Fiana dheánamh leis. “O tá” ar sise “thionntochadh siad an teach” “Caithfidh sé gur fir mhilltineach atá ins na Fianna mar sin” arsa seisean. Tháinig an fátach aníos go dtí an teinidh annsin agus d’amharch sé asteach san chliabhán. D’fiafruigh sé “cáide an rud é seo” agus dubhairt sise gur “sin an páiste a bhí acú” “O tá (ar sise) agus feasóg air” ar seisean. “Bíonn feasóg ar na paistí uilig nuair a thigheann siad ar an t-saoghal annseo” Chuir an fátach a mhéar imbéal an leinbh - ma bfhíor - agus bhain an leanbh an mear do. “O tá” arsa fátach “agus fiachla aige”. “Bíonn fiacla ag na paistí annseo i gcomhnuide” ar, sise”
“Má tá na páistí mar seo cáide már tá na fir” ar seisean.
Ó dubhairt se leis fhéin “is fearr dom - sa teiceadh. D’imthigh sé leis sa long aráis na bhaile