School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 119
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- TomhaseannaTeachtaire beag ó theach go teach agus codlann sé amuigh san oidhche. = Casán.
Ceitre ar rith agus ceithre ar críth beirt ag deanamh an eolais agus earbhail ar deireadh. = Bo.
Tá sé comh cruinn le do duirn comh buidhe leir an óir agus cáide sin. = An ghrian.
Théigheann sé thart ar an teach agus thart ar an teach agus fágann sé uibh ag achan dorás. = Sneachta.
Toit ag leaghadh gan teinidh. = Ceo.
Droichead ar loch gan máide gan chloch = Leach oidhre.
Tá sé san abhainn agus ní bháidhtear é, tá sé san tsiopa is ní dhíolthar é agus tá sé sa choill is ní ghearrthar é. = Solus na gealaigh.
Chuaidh dubh agus bán suas an cnoc d’fan a bán thuas agus tháinig an dubh anuas. = Cearc agus uibh.
Théigheann sé tara an uisce agus faoi’n uisce is ní fhluichar é. Loch agus uibh ina tóin
Ubhla buidhe i lár na coilleadh báine. = Meargan ime i lár na cuinnéoige.
Níl sé amuigh agus níl sé istuigh = Fuinnéoig no dorás.
Tá nidh nach dtig le Dia a deanamh. Dhá cnoc a déanamh gan gleann eatorra.
Gearrán beag clibíneach donn siubhalann sí Éire is ní fliucheann sí bonn. = Beachóg.
Rith mé agus fuair mé shuidh mé agus cuartughadh mé(continues on next page)- Collector
- Brian Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male