Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    giorsaigh agus í ag sileadh na ndeor.
    “ A bhean mhodhamhail,” arsa Domhnall léithe, “an miste domh fiafruigh duit goidé ádhbhar do bhróin.”
    “Maise níl” arsa an t-sean-bhean ní raibh ar an t-saoghal agam ach an aon inghean amháin agus bliadhain go h-oidhche Shamhna is chuaidh thart chuaidh sí amach na boithigh a bhlighe. Nuair a bhí sí tamall amuigh chualaidh mé fhéin ahus a h-athair í ag sgreadaigh. Chuaidh muid amach go bfeicfeadhmuis goidé a bhí cearr léithe agus bhí sí na luighe marbh sa tsuinc. Agus ó shoin ní fhacaidh mé a’n duine cosmahail léithe ach an cailín sin atá leatsa.”
    “b’fhéidir gurab í atá ann,” arsa Domhnall.
    “Ó, ní thiocfadh le sin a bheith,” arsa’n t-sean-bhean,” no fuair mo ingean-sa bás agus cuireadh í”.
    D’innis Domhnall díthe goidé mar bhí agus gurbh í a ingean fhéin a bhí ann. Ní thiocfadh léithe é chreidbhéail. D’iarr Domhnall ortha a bheith ag teacht leisean go dtí an uaigh agus go dtabharfadh sé geall nach rabh ins an comhnair ach sean scuab. Chuaidh siad annsin agus d’fhosgail an uaigh, agus mar dubhairt Domhnall ní raibh ins an chomhnair ach an t-sean scuab. Bhí luthghair mhór ar an t-sean lánamhain go mba í a ingean dhílis fhéin a bhí acha arais agus thug siad buidheahas mór do Dhomhnall ar son a dearn sé daobhtha.
    Nodlaig 1935
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Gráinne Bean Uí Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 48
    Seoladh
    Na hAgalla, Co. Donegal