School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 038
- XML “Seantithe”
- XML “Seantithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus tiocfadh siad le solus na teineadh. Nuair an thiocfadh aimsir dhoinneanta ní rabh gloine ar bith ‘sna fuinneógaí.
- Na sean toighthe a bhí acu fadó bhí siad an-fhada agus ní rabh siad ró-árd. Bhí an chisteanach fada agus an t-eallach ceangailte shíos í gcionn an toighe. Bheadh na cearca achan áit fríd an teach. Siad na doirse a bheadh aca slatacha agus dreasógaí fríd a chéile “sgeith” an t-ainm a bhí air.
Bheadh áit na fuinneóige sna toighthe uilig agus sap no croiceann caorach ann agus nuair a thiocfaidhe lá maith caithfidhe amach é go dtí an oidhche.
Ní rabh simléar ar bith ar na toighthe fadó. Bhiodh an teine faduighthe suas leis an bhalla agus pholl ar bharr an toighe díreach os cionn na teineadh. Bhiodh an teac lán toite ar fad. Bheadh áit amach as an bhalla san chisteanach fá choinne leabaidh “leabaidh na clúdaighe” an t-ainm a bheirfidhe(continues on next page)