Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 304
- XML “Cailleach na nAdharc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach agus trí h-adharca uirthi.
'Ars bean na dtrí nadharc le bean an dá adhairc le bean na h-adhairce 'sle bean-a'-tige: "Cíor thusa an tslám sin; cur ar an choigil é; fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa"'
Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtainic bean isteach agus ceithre h-adharca uirthi.
'Ars bean na gceithre adharc le bean na dtrí n-adharc le bean an dá adhairc le bean na h-adhairce 'sle bean-a'-tíghe:
"Cíor thusa an tslám sin, cur ar an choigil, é fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa."'
Chá rabh se ibhfad go dtainic bean isteach agus cúig adharc uirthi.
'Ars bean na gcúig n-adharc, le bean na gceithre adharc, le bean na dtrí nadharc, le bean an dá adhairc, le bean na h-adhairce 'sle bean-a'-tíghe: "Cíor thusa an tslám sin, cur ar an choigil é, fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa."'
Sníomh siad leóbhtha go ceann tamaill agus siúd isteach le bean agus sé h-adharca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann