School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Éadan Anfaidh
- XML Page 301
- XML “Tomas na hOrdóige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)croiceann de agus díolfaidh mé é san chéad bhaile mór a chasfas díom." D'fhág síos a bhocsa uaireadóirí óir agus a bhocsa uaireadóirí airgid, tharraing amach a sgian-póca agus thoisigh a fheannadh an tsionnaigh. Sháith sé a sgin isteach ro-fhada i dtaoibh an mhadaidh agus sgiordaidh Tomas na h-Órdóige amach. Thuit fear-an-phaca i laige le tréan sgánruigh agus nuair a thainic sé chuige fhéin d'imthigh sé leis ins na fathaibh-fásgaidh agus char smaointigh sé ariamh ar a chuid uaireadóirí óir nó airgid.
D'amharc Tomas na h-Órdóige thart agus tcí sé an dá bhocsa. Rinne sé amach go dtabhairfeadh sé leis iad agus go mbainfeadh sé an baile amach nó go mbéadh a athair agus a mhathair imnidheach fa dtaoibh de. Ní rabh se i neinimh an dá bhocsa thabhairt leis ar a' bhall. D'fhág sé ceann agus thug sé leis an ceann eile giota; d'fhág sé uadh an ceann sin agus phill go dtug léis an ceann eile giota.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female