School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 379

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 379

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 379
  3. XML “Colm Cille agus an Fhinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Colm Cille agus an Fhinn.
    Nuair a bhí Colm Cille ar an tsaoghal seo bhí sé lá amháin ag gabhail treasna ar Abhainn na Finne, thíos annsin ag Corraidh Ghoill. Ní rabh droichead ar bith ar an abhainn agus b'éigean do'n Naomh siubhal anonn fríd an uisge.
    Amuigh i lár na h-abhna dó, caidé rinne sé ach sataladh ar bhradan. Shleamhnuigh sé agus thuit sé isteach san uisge agus bhí sé fliuch báidhte, sallach, millte. Ar a ghabhail isteach taoibh thall de bhí an fhearg air, agus ars seisean:
    "Na gabhadh an dara bradán suas thara seo go dtéighidh droichead ar an abhainn," ars seisean.
    Ó'n lá sin amach go dtí an lá ar cuireadh droichead ar an abhainn ní dheachaidh bradán suas go Loch Finne. Comh luath agus cuireadh droichead ar an abhainn thoisigh na bradáin a dhul suas arais go Loch Finne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female