School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 567

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 567

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 567
  3. XML “Ainmneacha Áiteanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Árd-Ruadh :- Bheirtear seo ar an árd seo cionnus go bhfuil an fhraoch atá ag fás air, ruadh sa dath.
    An Uaigh.
    Tá an áit seo shiar i n-alt i Mín-a-duine agus tá fear curtha ann. Tá cuma ar fhear deánta ar an talamh ann. Bhí an fear seo ‘na gcómhnuidhe ann i bhfad ó shoin agus an lá seo bhí sé ag obair síos ar an t-shrath cogarach ag an abhainn agus táinic easgan mhór amach as an abhainn agus lean an fhear go dtí go marbh sí é sa’n alt agus deirtear go bhfuil an t-easgan faoi’n talamh ann agus sin an t-adhbhair go dtugtar an Uaigh air.
    An Chamainn.
    Tá an áit seo ar an bealach mór. Is é an t-adhbhair a dtugtar seo air tá an chorr ann agus tá sé deánta cosamhail le ceann chamainn.
    Cró an Úan.
    I bhfad o shoin nuair a bhí na michtíre agus sionnaigh go farsún ar na cnuic i nEírinn cuirtí na h-uain uilig isteach ins an cró seo ar eagla
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Ghrafaidh, Co. Donegal
    Collector
    Maighread Ní Braonáin
    Gender
    Female
    Address
    An Srath Buí, Co. Donegal