School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Amhrán ó bhéal Eibhlín Bean Mhic Cónaill, "Casadh an tsúgain," a thug sí mar ainim ar an amhran.Shiar i ngaillimh a fuair mé eolas ar na mná,
'S i mbéal athá Seanaigh a d'ól mé leobhtha mo sháith
Dar bhrigh mo mhaige mar leigthi sibh damhsa anois mar atáim
Dheánfadh cleas a rachfas a rún ar a lán.B'fhurust damh aithne ar bhaint na luachra damh indé.
Go dtug mo mhuirnín muirneach fuath mór damh féin.
Ní triomaide damhsa mé nó ualach mór s cionn croidh
'S is minic a bhain duine 'n tslait a bhuailfeadh é féin.'S och, agus och, agus osna fríd mo lár.
Buaidhreadh ban a d'fhag comh claoidte seo mé.
Mo lámh ar a brollach geal 's mé pógadh a béil
Sin uaigh mo leabaidh 'chailín agus sháruigh tú mé.Cuirim, bainim, craithim síol coirce craobh
Sheolfainn na ba an áit is úire a mbíonn féar
Chuirfinn cruth ar an each a ba deise shiúbhall an saoghal
D'éalaigh bean le fear nach ndeánfadh sin féin'S da mbéadh spré ag an chailín is deas a phosfaidh 'rú í
Níl, faraor, no ag an té udaí ar córtha do é
Mar tá nighean na cailligh' giobaighe 's airde chuaigh i gcéim
'S gach óige deas gan fios cé shiúbhálfas le na taobh(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Other names
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Nellie Bheag (local name)
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal