School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 8
- XML “An Gníomh a Rinne an Buachaill a d'Fhoghluim 'Prince Charlie'”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad o shoin ba ghnathach le muintear Mhálannabige dul go Sligeach ó am go h-am le lucht báid ceilpe agus duilisc agus craoibhrice le é a d’íol. Bhí sé gnathach fosta ag gach fear de’n fhuireann cuid a beith aige ‘san lucht. Uair amhain nuair a bhí an fuireann réid le h-imtheacht le lucht ghlac bean fir de’n fuireann tinneas tobann agus b’éigean do a bhuachail seirbise dul ina áit. Shroich siad Sligeach tráthnóna an lae sin agus ar maidin lá-thar na bharach dhíol siad an lucht.
Nuair a fuair siad a gcuid airgid dar leobhtha go bhfan fadh siad tamall fan bhaile mór. D’ól gach fear aca gloinne agus siubhail siad thart tamall beag ag spaistearacht aníos agus síos an t-sráid. Bhí “garastún” saighdiúr dearg i Sligeach shan am agus dar ndoigh bhí fuath aca ar na h-Éireannaigh.
Bhí cead a gcinn go maith ag an dream ceadna. Thainig sgaifte acú anuas an t-sráid a rabh cuid de’n fuireann ag spáistearacht ann. Bhí an buachaill seirbise ina measg agus mar gurab é a chead uair sa bhaile mhor bhí sé ag amarch le h-iongantas ar gach taobh de.
Bhuail sé in agaidh fear de na saighduiribh agus tosaigh siad a bhabaireacht agus ag deánamh grinn de. Ní rabh siad gan tabhairt fá dear gur buachaill glic a bhí ann nó bhí a chumadh sin air. An saighdiúr seo ar bhuail sé ina agaidh. D’iarr sé ar an buachaill maitheamhnas a thabairt dó siocar buaileadh ina aghaidh acht ní dheánfad an buachaill seo.
Sgairt an saighdiúr “Muc Eireannach” air agus i bpreabadh súil tainigh an buachaill ‘un tosaigh agus leag an fear a thugh(continues on next page)- Collector
- Seósamh Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ua g Fionnalaigh
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal