School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 32

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 32

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 32
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Jimí Mháire ag Cuir an Ola ar a Mhnaoí (Scéal Grinn)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal Grinn
    Bhí fear i Málainn Bheag a dtugadh siad Conaill Ó'gFionnalaigh air. Fear gan choir a bhí i gConall. Bhí sé ar chiall na bpáistidhe. Bhí sé pósta agus bhí muirghín measardha mór aige de páistidhe.
    Lá amhain chuir duine de na páistidhe a cheann isteach idir dhá siaghal na cathaoireach agus cha dtiocfadh leis é a fhágáil amach.
    Ní rabh fhios ag Conaill faoi Dia goide dhéanfadh sé leis an pháisde. 'Sa deireadh arsa seisean le na mhnaoi "Caithfimid an ceann a gearradh de"
    Ní rabh athrughadh céille ag Conaill bocht
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraic Ó Beirn
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal
  2. Bhí fear simplidhe ina chomnuidhe I nGleannchuluimcille a dtugadh said Jéimí Mháire air. Bhí an bhean ag congbhailt tinn mar bhí cos an nimhneach oirthi. Thug Jéimi chuig an doctúir í, agus thug seisean ola duithe le cuimilt ar a cois. Ní rabh moran bisigh a teacht oirthi de bharr sin. Lá amhain bhí fear comhursan is toigh, agus dubhairt sé le Jeimí gur coir do an Saghart a tabhairt chuicí leis an ola a chuir oirthi. “Arú a fhear croidhe” arsa Jeími “nar chuir mé fhéin an ola uirthí chúig h-uaire ó mhaidin”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.