Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Féilí na Bliana - Féile Bríde”
  4. XML “Féilí na Bliana - Céadaoin na Luaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhéas an chistineach réidhtighthe, suidheann gach duine thart agus caithfidh gach uile duine cros a déanadh. Corr uair ghnidhthear na crosannaí le cochan.
    Lá thar na bhárach chraitheann bean an toighe uisge coisreaca orthú agus cuirtear in áirde iad ins an teach agus ins an bhoitheach.
    Bíonn an brat Bríghde aca fosta, giota beag líneadach. Fágtar amuigh an oidhche sin é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl a'n duine beag na mór nach dtéidheann go teach a 'phobail an lá sin le marc a fhágháil ar a n-éadain. Tá deireadh anois le rinnce agus ceol, le hoidhcheannai móra agus le spóirt go mbíonn an Cargas amuigh.
    Cuireann na daoine oibliogóid orthú féin Turas na Croise a siubhal gach lá ar feadh an Chargais. Nil an troscadh comh mór ar na daoine anois agus bí san i sean am. Is minic annseo ghnidheadh na seanmhna agus na sean duinidhe an Troscad Tréadhannach agus ba mhinic a chaithfeadh an saghart cosc a chur orthú ar eagla go ndeanfadh siad dochar daobtha féín.
    An Troscadh Tréadhanach ó Deardaoin go Domhnach. Ar Aoine a' Chéasta ní bhlaiseann na daoine greim bídh agus ní ólann siad dadai acht uisge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Ash Wednesday (~39)
    Teanga
    Gaeilge