Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Shalwy, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 172
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm do Séamus Bán agus lá amháin chuaidh sé isteach i siopa a raibh biotailte 'a dhíol ann.”
Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm do Séamus Bán agus lá amháin chuaidh sé isteach i siopa a raibh biotailte ‘a dhíol ann. D’iarr sé ar fhear an siopa deoch a thabhairt do. Fuair sé an deoch agus thug sé punta do’n siopadhóir acht ní raibh breiseadh ar bith ag an siopadóir. Dubhairt Séamus go bhfagaidh sé an punta aige agus an céad lá eile a thiocfadh sé go bhfuigidh sé deoch i n-airge. ‘Acht’ arsan siopadóir. Caide mar bheidh fhios agam gur tusa atá ann. Bheidh fios agat go maith arsa Séamus no nuair a thiocfas mise isteach tógfaid mé mo h-ata agus déarfaidh mé – “Seo mise agus mo shean h-atha. Maith go leór arsan siopadhoir. Aithneachaidh mé tú. Chuaidh sé amach agus chuaidh isteach i siopa eile. Thárluigh an rud céadna do annsin. Chuaidh sé isteach i siopa eile agus thárluigh an rud céadna do annsin. Lá thar na márach easadh fear eile air. Chuaidh an bheirt acu isteach san chéad siopa agus sgairt Séamus ar deoch. Fuair sé é. Thóg sé a h-ata agus dubhairt. “Seo mise agus mo shean hata”. D’aithinan siopadóir é ar an bhomaite agus dubhairt sé go raibh sin ceart go leór. Chuaidh siad isteach ins an dara siopa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Iosep Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Caiseal Charna, Co. Donegal