Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Shalwy, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad o shoin agus bhí ninghean amháin aige. Chuaidh sé 'un aonaigh lá amhááin le abhras a dhíol.

    Bhí fear ann fad o shoin agus bhí ningean amháin aige. Chuaidh sé ‘un aonaigh lá amháin le abhras a dhíol. Do dhíol sé oiread as go bhfuair sé fiche punt. Níor mhaith leis na fiche punt a thabhairt abhaile leis ar eagla go dtiocfadh gaduidhe air.
    Thug sé do a ningean é agus d’iarr uirthí fanacht i dteach a huncal. Rinne sí sin.
    Bhí dhá fhear agus cailin na chomhnuidhe sa teach seo. D’fhiafruigh fear amháin aca, cá mheid a fuair siad ar an abhrais. Fiche punt ar sise.
    Chuaidh an oidhche thart go dtí am codlata. Bhí leabaidh ins an chistin agus chuaidh an dá chailin ‘na luighe inntí. Ní thiocfadh leis an cailin a raibh na fiche punt aici ní thiocfadh léithe codladh ar chor ar bith. I lár na hoidhche thainig fear do na fir isteach ‘un cistineadh agus d’amharc ar an leabaidh, agus annsin chuaidh arais go dtí a sheomra féin. Dubhairt sé leis an fhear eile go raibh sí na codladh. Bhí fainne óir ar mhéar cailin a’ toighe. Thug an cailin eile an fhainne sin agus chuir ar a mear féin í.
    Le sin thainig an bheirt fhear isteach agus thug leo amhach an cailin nach raibh fainne ar a méar agus mharbhuigh í. Annsin chuir siad í in uaigh a bhí deánta aca taobh amuigh don teach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1119: The Ogre Kills his Own Children
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Coilín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Meenboy, Co. Donegal