Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Shalwy, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 135
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí mé ag gabháil 'un tráigh
Casadh orm deich mná
Deich sac le gach mhnaoi
Bhí deich gcat in gach sac
Agus deich bpisín in gach cat
Idir saic, cait, pisíní, agus mná
Cá mhéid a bhí ag gabháil ún tráigh
= Mé Féin
An fear a rinne é níor chaith sé ariamh é
Agus an fear a chaiith é ní fhaca sé é
Goidé sin
= Conóir
Caithim suas é comh bán le sneachta
Agus tuitinn sé anuas mar ór bhuidhe leachta
Goide sin
= Uibh
Teach beag nach mbéadh ábalta luchóg a choinneál
Tá oiread bhfuinneóg air is bhéadh ar teach an rí
Goidé sin
= Mearacán
Tá capall beag agam le muineál iarann
Agus comh gasta agus ritheann sé itheann sé an rópa
Goidé sin
= Tuairne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal