School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Bracky, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Brackey
- XML Page 107
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear san áit seo aon uair amháin agus bhí bean aige nach raibh ro-dhílis dó.”
(continued from previous page)"Cá bhfuil tú a' dul," arsan fear ruadh. D'innis Ruaidhrí dó agus arsa seisean, "níl faill agam fuireacht agat."
"Glac do am," ars an fear ruadh, "ní bhéidh tú a bhfad uilih a' thógail an caisleain." Seo ceithre clocha bána agus cuir ceann aca ag achan choirneal dé'n áit [duthraighe] ar a bhfuil an caislean le tógail, agus ní bheidh a bhfad na dhiaidh go rabh do chuid oibre déanta." Rinne Ruaidhrí mar h-iarradh air. Leag sé na clocha bána ag na ceithre coirneal, agus ar a' bhomaite d'éirigh ar an áit an caislean a ba bhreagtha da bhfacthas ariamh ar thalamh na h-éireann. Fuair Ruaidhrí páighe mhaith agus phill sé na bhaile go luthghaire.
Leig a bhean uirthí go rabh céad míle fáilte aicí roimhe. D'innis Ruaidhrí dithe fá'n chaislean. "Nár chomhair damh a dhul go bhfeicinn é." ar sise, agus d'imthigh sí. Dubhairt sí leis an rígh go rabh an árus toighe aige a ba dheise i nÉirinn, i nAlbain nó a Sacsain acht go mbeadh sé a bhfad ní ba bhreaghtha dá mbeadh "Seamar" ar a mhullach. "Goidé sin," ars an rí. Tá fhios ag Ruaidhrí é," arsa sise. "Iarr air a theacht arais annseo," ars an Rí. "Gheobhaidh mé réidhthigh leis anois cinnte," ars an bhean léithe fhéin ar a bealach 'na bhaile.
Dubhairt sí le Ruaidhrí go rabh an Rí thar a bheith sásta leis an chaislean, agus gur iarr sé air a dhul arais chuige na go rabh tuilleadh páighe aige le tabhairt dó. D'imthigh Ruaidhrí bocht amaideach. "Tá gnithe agat liom," arsa seisean nuair a chuaidh(continues on next page)- Collector
- Siubhan Nic a Ghoill
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Séamus Mac a Ghoill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir