School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní Thearn Dia droch lá ariamhSan am fadó bhí fear saidhbhir na chomhnuidhe i dteach ghalanta. Bhí achan rud aige ach an taon nidh is fearr do duine ar bith ar an tsaoghal seo, sé sin an creideamh
Samhradh amhain bhí sé ag báistigh agus síor - cur i dtólamh agus ní rabh an bodach sásta
Lá amhain bhí sé na seasamh ag an gheafta ag amharc uaidh nuair a thainic fear deirce aníos an [camhs]? “Dia dhuith a dhuine uasail”, arsa an fear bocht, “nach breagh an aimsir tá againn.
Thoisig an bodach ag mallachtaigh agus d’amharc an fear eile go truagcanta air, “a dhuine” arsa seisean cha dtearn Dia lá ariamh ach lá maith”.
Thog sé a mhála agus as go brath leis. nuair a bhí sé imthighthe d’amharc an bhodach ar an áit a rabh sé ‘na séasamh agus shonnruigh sé go rabh trí luibh úra ag fás ann. an tríomhadh lá na dhiaidh sin bhí blátha deasa ortha agus bhí fhios ag an bhodach ó nár slánuigh - theóir a fuair sé.
Thoisigh sé a smaoitiú ar an droch saoghal a chaith sé agus gheall sé do féin a bheatha a leasá.
Rinne sé a anam le Dia. Thóg sé teach - phobail ár agus chaith sé a cuid saidhbhris i seirbhis dé agus ag deánadh maith ó sin amach.“A Shean Chailleach Gallda nach ngéileann do Dia. (A. Ní Ceallachain
Biseach nár fhághaidh tú go dtéighidh tú ar [mure”]?
(Múinteóir a bhí sa teach agus bhí an bhean seo ag géilleadh leis an déidead.
Dubhairt sé go rabh órtha an déididh aigesean agus d’iarr uirthe dul taobh amuigh de’n doras agus na [fitla]? seo a radh na dhiaidh)- Informant
- A. Ní Ceallachain
- Gender
- Female