Scoil: Affane, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 16272)
- Suíomh:
- Affane Hunter, Co. Waterford
- Múinteoir: Bríd Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (D'innis Athair de h-Indeberg ó Máigh-Deilge (nach mairean)
An Diardaoin Áluinn ( an lá in ar bhraith Iúdas ár Slánuíghteóir le póg - chuaidh sé abhaile agus dubhairt sé le na mhnaoi go raibh eagla air gur dhein sé droch-ghníomh i gcoinnibh Iosa Chríost - Mac De bhí.Thosnuigh sí ag magadhse agus dubhairt go searbhasach go gcreidfeadh sí an scéal cómh luath is go bfuigheadh an choileach a bhí ag beirbhú insan phota - beo. Leis sin - do léim an t-éan aníos - do sheas sé ar chiumhais an corcánn.Do chraith sé a sgiatháin agus do ghlaodh sé trí uaire indhiaidh a chéile " Mach na hÓg slán agus a namhad ar lárAr an bpoinnte do rith Iúdas amach agus do chroch sé é féin ón gcrann le neart mire agus éadóchais.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Athair de hIndeberg
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Modelligo, Co. Waterford