School: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (roll number 4134)
- Location:
- Coolnasmear Lower, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl na Sméar, Dúngarbhán
- XML Page 313
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a bhíonn na fuiseóga agus na fáinleóga ag eitilt ós íseal bíonn fearthainn againn.”
Nuair a bhíonn na fuiseóga agus na fáinleóga ag eitilt ós íseal bíonn fearthainn againn. Nuair a bhíonn sé ós árd bíonn aimsear breágh againn. Nuair a theigheann éan na farraige isteach ann sin comhartha fearthainne. Nuair a iompuigheann an cat a dhrom dorr dteine sin comhartha fearthainne. Nuair a theigheann na cuilleóga go dtí an talamh sin comhartha fearthainne. Nuair a itheann an madra féir bíonn fearthainn againn. Nuair a bhíonn dath ghorm ar an dteine sin comhartha fearthainne. Nuair a séideann an gal thar-riais anuas an t-seimrú sin comartha fearthainne. Nuair a thuiteann an súith anuas a seimrú sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíonn na lachain ag screadiagh go h-árd sin comhartha fearthainne. Nuair a séideann an gaoth andeas sin comhartha fearthainne.- Collector
- Nóra Ní Catháin
- Gender
- Female
- Informant
- Roibeáird Ó Catháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Knocknamaulee, Co. Waterford