School: Cnoc Melleray (C.), Ceapach Chuinn (roll number 7311)
- Location:
- Cappoquin, Co. Waterford
- Teacher: Áine, Bean an Daltúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Do bhí fear ann fadó darbh' ainm dó Tomás Ó Súileabháin agus fear eile darbh' ainm dó Mícheál Ó Briain.”
Do bhí fear ann fadó dárbh ainm dó Tomás Ó Suileabháin agus fear eile darbh' ainm dó Mícheál Ó Briain . Níor thaithnigh Tomás le Micheál in ao'chor.
Oidhce amháin do chuaidh Tomás go tigh comarsan ag imirt cártaí , agus do chuaidh Míchéal leis. D'imithigh Mícheál abhaile go luagh in gan fhios do Thomás . Amadáin dobh eadh Tomás . Do bhí sé a dó dhéag a clog nuair a tháinigh Tomás abhaile.
Bhí Tomás ag feitheamh leis in aice an chlaidhe chun scannradh a chur air. Táinigh Tomás agus é ag caint leis féin.
Do bhí braitlín ar Mhícheál. Nuair a chonnaic Tomás é do rug sé ar chloich agus do chaith sé le Mícheál é.
D'imthigh Tomás leis agus d'innis sé a scéal dos na comhursanaibh . Dubhairt sé gur mhairbh sé 'sprid'. Do bhí fhios ag na daoine nach sprid a bhí an acht Míchéal Ó Briain. Do ritheadar amach agus bhí Mícheál sínte cois bóthair.
Chaith sé cúpla mí in oisbidéal agus fear ciúin macánta abh eadh é ' na dhiaidh sin.