School: Ceapach Chuinn (B.) (roll number 1936)

Location:
Cappoquin, Co. Waterford
Teacher:
Proinnsias Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0637, Page 95

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0637, Page 95

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceapach Chuinn (B.)
  2. XML Page 95
  3. XML “Driotháir Philib”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an t-Aifreann a léigheamh i dTuair an Fhíona. Lean ann mar sin go raibh an bhliadhain láimh le bheith caithte agus tháinigh Domhnach ana-fhluich, ana-stoirmeach. Bhí an pobal bailitghthe ag fanacht leis an sagart; ach bhí sé ró-dhéanach nuair shrois sé an séipéal. Dubhradar an Choróin Mhuire agus labhair an sagart leis an bpobal. Dubhairt sé go raibh cathú air go raibh sé ró-dhéanach chun an Aifreann a léigheamh, ach nárbh é a cionnta féin é.
    "Ach an dream is cionntach leis , cídfidh an saoghal, pé daoine amhairfidh leis, ná bheidh lá de'n rath ortha agus go n-imtheóchaidh siad mar na h=abhann!" ar seisean.
    Fé cheann bliadhain ó'n lá san bhí an fear a bhuail an sagart curtha. Bhí cosán comghair ó Thuair an Fíona agus chun an Chnuich Bhuidhe, chun na roilige agus b'ann a ghabhadh na sochraidú. Lá sochraide ag Craithigh seo, bhí triúr nó ceathrar ag siubhail as dhiaidh na socraide agus bhíbeárna ann ar baineadh sceach aiste cun gabháilt tríthú. Rug ceann desna fearaibh ar an sceith chun í chur sa mbeárna agus an bheadh ag teacht i n-a dhiaidh ach an sagart.
    "Ní fiú dhuit an sceach a chur sa mbeárna: is gairid mbeidh ceann eile aca ag teacht!" ar seisean. Agus b'fhíor dó; ceann seachtmaine ó'n lá san bhí ceann eile desna Clanna Buidhigh ag dul go dtí an Chnoc Bhuidhe. Níor fhan aon rath ar Clainn Chraidh as san amach agus níl ann anois acht beirt nó triúir aca, is iad san féin go beo bocht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuirrín
    Gender
    Male
    Informant
    Labhrás Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Cappoquin, Co. Waterford