School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 088
  3. XML “Willie an Gabha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    h-ifreann, thug sé buille do'n doras agus cé thainig go stí an doras acht an diabhal a bhí san sparán aige. "Ní leigfidh mise isteach thú. Gabh suas ins na flaithis". "Bhí mé ann acht ní leigfeadh siad isteach mé". Dhún an diabhal an doras agus b'éigin dó a dhul suas cun flaithis aríst. Thug sé buille do'n doras agus thainic an t-aingeal ceudna chuige. "Cá bhfuil tú dul arist" ars an t-aingeal. "Nár dhubhairt mé cheana leat nach leigfinn isteach annseo thú". Bhí mé thios ag doras ifrinn", agus ní leigfeadh siad isteach mé. Tá an oidhche ag teacht anois agus ní'l a fhios agam cé rachaidh me" Bheárfaidh mé coinneall duit agus annsoin béidh solus agat i dtólamh". Thug sé an choinneall do Willie bocht agus bhí ag imtheacht roimhe go ndeachaidh sé isteach i bportach. Chuaidh sé amugha san bportach agus tá sé ar seachrán ariamh ó shoin agus sin é an solus a fheicimid san bportach san a dtugtar Willie of the Wisp air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Muinchille
    Gender
    Male
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mayo