School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 148
- XML “Conradh an Talaimh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí connradh an talaimh chómh láidir annseo a's bhí sé i n-aíteacha eile agus bhí na tionóntaidhthe chómh fiochmhar seasmhach le muinntir gach uile páírt eile de'n tír.Caitheamh urchar le Ceartar mar atá tugtha sios cheana agus chaill sé a chos i ngeall air. Dúnmharbhuigheadh an Bairéadach i nDubh-loch gan morán fátha.Bhí Bellington, Sasanach, in a thionóntaidhe ar Ráith Cheartair. Nuair a bhí a léas caithte d'imthigh sé. Thóg Ceartar féín an talamh annsoin agus chuir gach uile chineál síl ann. Nuair a bhí an barr ionbhainte thug sé fir oibre as Béal a' Mhuithrid leis an barr do bhaint. Chuir muinntir na h-áite, agus an Connradh mar chúl taca aca, in a aghaidh seo. Nuair a thainig Ceartar agus a chuid fear oibre ní leigfidhe dóíbh aon lámh a fhágháil ar an mbarr nó dul isteach san ngort. An lá dár gcionn thainig Ceartar aríst agus a chongnamh leis. Bhí trí scór póilí ar charranna(continues on next page)
- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádhraic Mag Ghuibhir
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo