School: Cor-chloch (roll number 15014)

Location:
An Chorrchloch, Co. Mayo
Teacher:
Peadar S. Mac Dáibhidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 9

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 9

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cor-chloch
  2. XML Page 9
  3. XML “Toibreacha Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá cupán ag an dtobar agus gach duine a dheineas cuairt air, ólann sé cupán uisce as. Fágann gach duine pingin nó biorán no rud mar sin in a dhiaidh. Ní dóigh liom go bhfuil teach san bparóiste seo nach bhfuil buidéal de'n uisce ann.
    Tá tobar naomhtha I gCarna, míle no mór ó Béal-a-mhuirthid, ar do láimh deas ag dul go Fód-dubh duit. Níl fhios againn cé bheannuigh é. Is iomdha duine a fuair leigheas is athchuingí ann. Ní mór do duine dul roimh éirghe na gréine leis an dturas do dhéanamh. Má ghéibheann duine a athchuinge tiocfaidh rud éigin go bárr an uisce,beó, cuileóg no piast. Má thagann rud marbh go bárr an uisce, ní bhfuigheadh tú do athchuinge.
    Timcheall le deich mbliadhain ó shoin fuair daoine feilm talaimh in aice an thobair seo. Níor mhaith leó daoine bheith ag dul go dtí an tobar agus níor chuir siad aon chreideamh ann. Uair amháin chuir siad fatai ag beirbhiú san uisce as an dtobar., acht ag éirghe níos cruaidhe a bhí na fatai agus dá mbéadh siad ar beirbhiú go dtí an lá indiu ní bheadh sé bog.
    Bhí mé ag cainnt le fear on nGeata Mhór, lá, agus uair amháin bhí inghean a dhearbhrathar tinn, an-tinn ar fad, agus níor b'fheidir le na dochtúirí é do leisiú. Rinne sé turas go dtí an tobar. Maidin Samhna, roimh éirghe na gréine, agus tháinig an rud beó go dtí an bárr agus trí cinn eile tar éis sin. Chuaidh sé abhaile. D'éirigh an cailín go maith láidir, agus rugadh triúr páiste eile agus tá siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish