Scoil: Cor-chloch (uimhir rolla 15014)
- Suíomh:
- An Chorrchloch, Co. Mayo
- Múinteoir: Peadar S. Mac Dáibhidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cor-chloch
- XML Leathanach 11
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)COMHARTAÍ SEACA1) Nuair tá na realtóga ag spreacarnaigh go fíochmhar.
2) An ghrian ag siollsú go mór um tráhnóna
3) Soilse gorma o'n dteine
4) Teas an-mhór o'n dteine
COMHMARTAÍ SNEACHTA1) Nuair thagas an spideóg in-aice an dhorais
2) Scamaill dubha 'san dtaobh thuaidh
DEAGH-COMHARTAÍ1) Nuair tá an ghrian dearg ag dul faoi
2) Ceo ar an bhfairrge
3) An ghealach nuadh direach 'san spéir
4) Nuair tá na sleibhte i bhfad uait
5) Na fáinleóa ag eitilt go h-árd
6) Eas ar na h-aibhnibh
7) Nuair olann an madadh uisce
8) Dath buidhe ar an luasgan-lathaigh
9) Nuair théígheas na caoirí suas an sliabh
10) Nuair thagas ceo isteach o'n bhfairrge
11) An fhuiseóg go h-árd 'san spéir
12) An deatrach ag dul go díreach as an simleár
13) Tuar Ceatha um tráthnóna
14) Na beacha ag crónán
15) Olann san spéir