School: Sruthar (C.)
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sruthar (C.)
- XML Page 126
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé abhaile chomh tapaidh leis an buachaill. Ní raibh sé ibhfad go dtainig Maidhc leis an gcaoraigh, agus d’imtigh siad abhaile. Nodlaig comh maith leis an gceann sin ní raibh acu ariamh, agus mhair siad saidhbhir in a dhiaidh sin gan obair ar bith le déanamh.
- Seo sean sgéal d’innis m’athair dom lá. Bhí fear is a bheirt mac ann fadó. Lá amháin chuaidh an fear agus mac ar an aonach.
Cheannuigh siad capall. Thugadar fiche punt air. Bhíodar ann sásta leis an gcapall, agus iad dá thiomáint abhaile.
Nuair a shrois siad abhaile an oidhche sin, chuireadar isteach ins an stábla é. Thugadar féar tirm dhó agus chuadhadar isteach cun a ndinnéar. Nuair a bhí a sháith acu, suidheadar síos ag an teine, agus thosuigheadar ag cur síos ar an lá a bhí acu go dtí go raibh sé in am dóibh dul i gcodladh.
Annsin d’innis an fear do’n mhac ba sine dul amach d’féach ar an gcapall. Chuaidh sé amach. Ní raibh sé ibfad nuair a tháinig sé arais, agus dubhairt sé go raibh an capall tinn. Annsin cuadhadar go léir amach, agus d’féach siad isteach ar an gcapall. Bhí sé in a sheasamh go ciúin cneasta, agus an féar go léir ithte aige. “Tuige ar shíl tú go raibh sé tinn,” ars an fear. “Mar ní raibh sé ag cogaint na círe” ars an mac!!- Informant
- Seán Ó Muineacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Gorteens, Co. Mayo