School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 052
  3. XML “Cúram na gCos”
  4. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cúigear táilliúirí ins an áit seo anois. Tá duine amháin aca i Sruthar, duine eile i gCorláin, agus ta triúr aca in Áth Chinn. Oibrigheann siad in a dtighthe féin sa mbaile. Figheadh éadaigh annseo fadó. Bhí figheadóir in Áth Cinn fadó agus Ó Catháin an t-ainm a bhí air. Bhí beirt i gCill na Manach Páidín agus Risteárd Leighléis. Bhíodh "cordorroy" bristí ag na fir. Bhí táilliúir ann uair amháin agus bhí sé ag obair i dteach amháin. Nuair a bhí an obair déanta aige chuaidh sé amach ins an céad teach eile ag obair. Sul a d'fhág sé an chéad teach ní raibh an dinnéar réidh agus nuair a chuaidh sé go dtí an dara teach bhí an dinnéar ithte aca agus idir an dá theach chaill sé a dinnéar. Bhí sé ró-chuthalach leis an dinnéar a iarraidh agus annsin chuaidh sé amach. Bhí clocha idir an dá theach agus chuaidh sé amach go dtí na clocha. Bhí sé ag casadh na gcloch thart agus chonnaic duine éicínt é. D'iarr siad de chéard a bhí uaidh agus dubhairt sé gur chaill sé a dhinnéar idir an dá theach. .Bhíodh siosúr, snáthaid, clár-leathan agus 'thimble' aca. Rinneadar na léinteacha ins na tighthe sa mbaile. Bhíodh lín éadaigh ag na daoine agus chuireadar lín ins an áit seo freisin. Bhí fear in a chomhnuidhe in aice le Baile an Rodhba agus bhíodh sé ag déanamh rot[ ]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán Ó Gabháin
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo
    Informant
    Marcus Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo