School: Doire (roll number 16852)

Location:
An Doire, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Cathain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 48

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 48

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire
  2. XML Page 48
  3. XML “An Tarbh Breac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'fiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul. Dubhairt sé gur ag thóraidheacht oibre a bhí sé. D'fiafruigh an feilméar de ce'n obair ba mhaith leis. D'freagair sé gur a cumhdú beithidheach ba mhaith leis. Dubhairt an féilmear gurabh' é díreach bhí ag teastail uaidh mar go mbiodh a chuid beitidheach ag dul ar talamh na bfathach. Dubairt an buachaill go gcumdochadh sé iadh.
    Bhíodh sé gá gcumhdú agus lá amháin chuaidh sé suas an crann agus chuaidh na beithidhigh ar thalamh na bfhathach. Thainic fathach aniar chuige agus tosuigh sé ag troidh leis. Ach tharraigh an buachaill amach an críos agus bhuaidh sé air. La'r na bhárach arís bhí sé ag ag [!] cumhdhú na mbeithidheach agus sgaoil sé soir na beithidhigh ar thalamh na bhfathaigh. Thainig fhathach eile aniar agus thosuigh sé ag troidh leis ach thógh sé amach an crior [!] agus bhuaidh sé ais [!] freisin. Bhí sé ceangailailte [!] ag an mbuachaill agus dubhairt sé dhá leigfeadh sé as sin é go dthiubhrach sé culaith éadhaigh dhó.
    Lá amháin chuir sé sé [!] an culaith air agus chuaidh sé ar an aonach. Bhí ingean an rí a' siubhal thart ar an aonach, agus sgiobh sí an biuchair [?] de. Dubhairt sí nach bposfadh sí aon dhuine ach an duine a bhéidh a chos in-ann dul síos ins an mbróigh. [?] D'fhéach sí annsin ce'n buachaill a bhéadh in ann an bhrog a chur air. Ach ní bhfuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Seóighe
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Gleann Beag Thiar, Co. Mayo