Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)

Suíomh:
An Doire, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Ó Cathain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “Dán - An Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tharraing mé isteach i dteach ósta
    Is d'fhiafruigh an óg-bhean díom
    Cáid ó rinne tú an posadh
    Nó an airigheann tú an óige dá chloidheadh.
    Is gearr ó rinne mé pósadh
    Is airighim go mór é dul tríom
    'Sé an té nach ndeara go fóill é
    'S aige tá spórt an t-saoghail.
    Caiptín mise bhí in Éirinn
    A chaitheas mo théarma ar luing
    Bhainfinn-se scíl as na spéarthaibh
    'Gus chomhairfinn na réaltaí liom.
    Gheobhfainn bean óg ins an saoghal seo
    A shínfeadh a taobh geal liom
    A's rachainn anonn go Jamaicha
    A' saothrú luach tae agus rúm.
    'Gcluineann sibh mise mná óga
    Déanaidh an pósadh in am
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dheirig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Ceapaigh na Creiche, Co. Mayo