Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Newport, Co. Mayo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- XML Leathanach 014
- XML “Beirt Bhan Rialta Eile as Burgus Umhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad, agus chuadhadar ar ais agus d'fhágadar an crann san áit a bhfuaireadar é. Ar an móiméad céadna chiúinigh an stoirm. Níor bacadh le crainnte an oileáin ó shoin.
__
A sgéal.
Gidh gur tháinig an clochar ag na mna riaghalta slán an chéad uair a thug saighdiúirí Chromail cuairt chuig Bhurgus Umhaill, ní h-amhlaidh a thárla an dara uair. Theitheadar 'na mbeirt agus 'na mbeirt mar do rinneadar an chéad uair. Rinne beirt acu ar an oileán seo, ach chonnaic na saighdiúirí an bád ag duil isteach. Fuaradar bád eile agus leanadar iad. Tháinigeadar ortha ar an oileán agus mhairbhigheadar iad. San áit a mairbhigheadh iad tá an tobal beannuighthe anois.
__Chualas leagan eile ar an sgéal seo:-
Nuair a tháinig na saighdiúirí ortha bhaineadar díobh a gcuid éadaigh, thug bualadh trom dóibh agus annsin thug a mbád leo agus d'fhág ar an oileán iad. D'fhan na saighdiúirí san gceanntar seachmhain nó mar sin, agus dá bharr sin ní leigfeadh an fhaithchios dos na daoine teacht chuig na mna riaghala. Sa deire, nuair a tháinig, bhí duine(leanann ar an chéad leathanach eile)