School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Location:
Newport, Co. Mayo
Teacher:
An tSr Padraig
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Page 009
  3. XML “Manach Eile as Burgus Umhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí anois"
    D'iompuigheadar beirt agus chuaidh isteach. Má ba mhór an geit a baineadh as an sean-mhanach amuigh, ba mó faoi sheacht an geit a baineadh as istigh. Bhí athrú crota tagtha ar gach rud istigh ann. D'imthigh sé roimhe ó seomra go go seomra faoi iongnamh agus faoi altacht. Ba ghearr gur chruinnigh lucht na mainistreach timcheall air, ach go fiú duine amháin níor aithin an sean-mhanach iad. D'innis sé a ainm dóibh ach níor chualadar ariamh é. Sa deire labhair (sean) manach aosta agus dubhairt gur chuala seisean nuair a tháinig sé chuig an mainistear ar dtús, gur imthigh manach den ainm sin amach maidin is níor tháinig ar ais ariamh. Cuadhtas chuig na leabhair agus fuarthas an rud céadna sgriobhtha ionnta. Annsin léirigeadh don sean-mhanach gur aingeal abhí san éan, agus thuig sé brigh na focla "Tá míle bliadhain mar uair isan bhfaitheas". Chaith sé féin céad bliadhain ag éisteacht le aingeal agus cheap sé nach raibh ann ach cúpla uair.
    Ba ghearr na dhiaidh sin go bhfuair an sean mhanach bás, é go buidheach beannachtach do Dhia ar son an foillsiú a rinneadh dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish