School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 03_029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 03_029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 03_029
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 19ú Meán Fómhair 1938
    Scéal.
    Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag sníomhachán gach oíche dia Satharn. Tháinig bean isteach aici oíche amháin. Dúirt bean an tí léi suidhe síos go ceann tamaill. Dúirt bean an tí léi nach raibh aon deoir uisce istigh aici a dhéanfadh an tae agus dúirt sí léi dul chun an tobair agus canna uisce a thabhairt ici agus chuaigh. Nuair a tháinig sí thar nais, d’fhiafraigh bean an tí di a raibh aon scéal nua aici agus dúirt sí go raibh Cnoc Meadha agus a raibh ann trí lasadh. Is gearr gur buaileadh ar an doras agus d’iafraigh bean an tí cé bhí amuigh ansin. Dúirt an bean a bhí taobh amuigh an doras a oscailt agus ní osclódh bean an tí an doras. D’iarr sí ansin ar an gcarda an doras a oscailt. D’éirigh an carda leis an doras a oscailt ach bhuail bean an tí fód air agus níor fhéad sé an doras a oscailt. D’iarr sí ansin ar an tuirne an doras a oscailt ach bhuail bean an tí splanc uirthi agus dúirt sí nach bhféadfadh sí. D’iarr sí ansin ar an bhfearsaid an doras a oscailt ach thug sí buille di freisin. D’iarr sí ansin ar an gcáca an doras a oscailt ach thug sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Meachair
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway
    Informant
    Bartle Ó Meachair
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway