Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)liomsa agus tiubhraidh mé mo inghean duit le pósadh agus saidhbhris ina theannta.
Bhuel ní feidir sin ars an fear mar táim pósta cheana fhéin. Ní feidir sin ars an feirmeóir mar níor chuir tú tuairisg ar do mnaoi ó bliadhain is fich. An raibh aon mhuirghín ort ars an feirmeóir. Tá ars an fear malrac fir nach raibh acht mí do aois nuair a dfág mé an baile. Bhuel ars an feirmeóir mara bhfuil do bhean na do mhac beo fill ar ais cugam aris. Gheall sé go bfhilleadh agus dubhairt an feilméara le na bhean trí chacai a dheánamh agus an tuarastál a bhí le fághail ag an mbhuachaill é chur isteach sa gcáca is lugha.
Nuair a bhí sin déanta dfiarr an an [!] fear a thurastál. Bhuel ars an feirmeóir cé bfhearr leat do thurastal na trí chomhairlí mhaithe. Ní raibh fhios ag an bfear seo a raibh a thurastal fuínte i gceann do na chacai, agus fachtas dó dá dtéigheadh sé abaile gan aon airgead gur baisteach an rud é, acht mar sin féin ar seisean is maith an rud comairli agus be Dad tóg sé na comairlí.(continues on next page)