Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)an gréasaidhe le ingean an Ridire go dteighimidh ag an gcleamhnas" "Nach féarr dhuit" adeir an bhean óg, do bhean nó t-inghean a tabairt leat." "Ní tiubhradh" adeir sé, "ní siubaladh siad aon coismeig liom-sa choidhcheann."
Chúaidh an greasaidhe ag ingean a Ridire ag an gcleamhnas agus níor aithnigh mac a Rí í, agus nuair nár aithnígh, thairing sí aice an cheaircín óir agus an coilleachín airgeadh agus leag sí ar an mbhord iad agus chait sí trí gráinne cruitneacht acab. phioc an chearcín gráinne agus phioc an coilleachín gráinne agus shíl an chearcín an triomhadh gráinne a bheith aice h-feín agus bhain an coilleacín dhi é. "Sgread a bhainne ort, a coilleachín grádhna" adeir an chearcín "is dona an cumman atá agat liom, a gcuimhnigheann tú ar an lá ar dtug mé ar ríoghachta m'atair thú. céard a dhéanfhá an lá sin marac mé". Chaith sí amach trí ghráinne eile acab, phioc an cearcín gráinne agus pioc an coilleacín gráinne, agus shíl an(continues on next page)