School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- Coolroe, Co. Wicklow
- Teacher: Mrs Lush
![The Schools’ Collection, Volume 0922, Page 229](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0922%2FCBES_0922_229.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0922, Page 229
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coolroe, Tinahely
- XML Page 229
- XML “An Scoláire Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ualaigh de luaithrigh as ón gcraitheadh ar thug sé dó fhéin. B'shin an chéad uair ar chuir sé cos ar an dtalamh ar feadh ocht mbliadhan.
An mhaidin i n-a dhiadh sin bhí an fear seo i n-a shuidhe go moch, ach má bhí, bhí an tsean-bhean amach roimhe. Nuair a bhí an bheirt acu suidhte isteach chun búird le greim d'ithe leig an fear ólagán as. Chuir an bhean cheist air fá dtaobh den ólagán is d'innis an scoláire bocht scéal ainmhidhe na n-ocht gcos. "Tóg Dochtúir leat", ar sise, "is má bhaineann aon rud duit, cuir abhaile chugham é, mura mbaineann, beir leat abhaile chugham é".
Sé ainm a bhí ar an mhadra ná Dochtúir.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc gur thuit an dorchadas air an dara oidhche is é ag taistil roimhe. Chonnaic sé solas ar thaobh cnuic is dhéan sé air. Teach eile a bhí ann is bhí sean-bhean i n-a suidhe ar an tsuidhisteog is cúram na h-áite fúithí. An fiacal ba ghiorra i mbéal na sean-mhná bhí sé ar aon fhaid le bata-láimhe. Bhí madra eile i gcúinne an tighe seo is d'órduigh an tsean-bhean dó éirighe. Do dhéan sé amhlaidh(continues on next page)- Informant
- Siobháinín Ní Thuathail
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Coolroe, Co. Wicklow