Volume: CBÉ 0441 (Part 4)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)cineálta a bhí ann ní raibh focal as an oidhche seo. Tug sé an ola deidheannach di agus bhí sé ag bogadh leis amach an doras aríst nuair a tosuigh an bean a bhí sa leabaidh ag gol. "Cé'n sort raballaidhe sin ortsa" deir an sagart lei.
"Ó muise" deir sise "níl aon leighis in don dom nuair nach ndeineann duine do mo muinntear féin aon leas dhom."
"Agus cé he an duine dod muinntear fein" deir an sagart. "Tusa a athair" deir sise. "Nach col seisear mise agus tusa".
Nuair a cuala sé sin ní dearna sé act iompodh ar a sál agus crom sé ag paidreoract os cionn an bean bhí sa leabaidh gur eirghe sé treis sgathaimh bheag.(continues on next page)